Dá mba mhian leat clárú lenár liosta seoltaí, líon isteach do shonraí thíos.
Tionscadal ‘Uiscí LIFE’ seolta ag an Aire Noonan
Sheol an tAire Stáit don Oidhreacht agus Athchóiriú Toghchán, Malcolm Noonan TD, tionscadal Comhtháite Uiscí LIFE an AE go hoifigiúil Dé hAoine an 29ú Aibreán in Óstán Deebert House, Cill Mocheallóg, Co. Luimnigh. D’fhreastail réimse leathan páirtithe leasmhara ó ar fud na tíre ar an imeacht.
I ndiaidh don Aire Nolan an seoladh oifigiúil a dhéanamh, tugadh an dream a bhí i láthair ar thuras allamuigh sa dúiche. Is iad foireann Forbartha Ballyhoura a threoraigh turas allamuigh amháin, agus thug siad na rannpháirtithe ar shiúlóid abhann Molanna, atá le hais Abhainn Chaoil ó Bhaile Uí Argáin i gCo. Luimnigh go dtí an Dairtheach i gCo. Chorcaí. Ar an dara turas allamuigh, tugadh na rannpháirtithe go dtí dhá shuíomh nach ndéantar monatóireacht orthu in Uiscí Uachtair na Lúbaí chun an bhitheolaíocht ionsrutha a scrúdú.